Cuallacht na Gaeilge Society
Ní neart go chur le chéile!
Dia dhaoibh agus fáilte go Cuallacht na Gaeilge Mhá Nuad! Tá sé mar aidhm den Chuallacht pobal infheicthe na Gaeilge a chruthú agus ár dteanga a chur chun cinn ar fud na hollscoile agus sa tír ar fad.
Tá seomra na Gaeilge suite i bhFoirgneamh na nEalaíon agus is áit réchúiseach í ina bhfuil Gaeilgeoirí in ann bualadh lena chéile agus Gaeilge a labhairt. Tá an seomra ar oscailt ó 9r.n. go 6i.n. gach lá.
Bíonn 'Tae gus Plé' ar siúl sa Seomra ag a 1 gach Déardaoin chun seans a thabhairt do lucht na Gaeilge bualadh le chéile agus sos a thógáil le cupán tae.
Beidh neart ócáidí ar siúl againn i rith na bliana, mar shampla Bál na Gaeilge sa dara seimeastar. Má tá suim agat do theanga a choimeád agus cairde nua a dhéanamh buail isteach agus bí linn!